Eolas

 

 

https://www.youtube.com/watch?v=2XhEiyuzZpw

 

Is scoil lánghaelach Caitliceach í Gaelscoil Dara faoi phátrúntacht Easpag na Gaillimhe. Bunaíodh an scoil i 1984. Is í aidhm na scoile seo, mar ghaelscoil, oideachas de ardchaighdeán a chur ar fáil tré mheán na gaeilge dár scoláirí i suíomh a thabharfaidh deiseanna dóibh blaiseadh de chultúr, de cheol agus de oidhreacht na tíre seo.

Is eagraíocht chomhionannais an scoil agus cuirfear an fhealsúnacht sin i bhfeidhm i gcónaí i measc na múinteoirí agus na ndaltaí. Cothófar meas ar gach duine sa scoil dá réir.

Tá béim sa scoil ar chúrsaí drámaíochta agus aisteoireachta. Aithníonn muid go ndéanann sé seo an-leas do na páistí maidir le féinmhuinín, féinmheas agus cuireann sé go mór le forbairt teangan. Glacann an scoil páirt i go leor imeachtaí breise pobail – Féile na hInse Baboró, Féile Scoildrámaíochta, Write-a-book project agus tionscnaimh ealaíne i gcomhar le Scoil Rosedale, Seachtain na Leabhar sa leabharlann, An Bratach Glas, máinséar beo ag an Ardeaglais, Quiz Boird Chomhar Chreidmheasa, laethanta spóirt le scoileanna Gaeltachta agus Gaelscoileanna eile.

Rinneadh an-iarracht dea-atmaisféar dearfach pearsanta a chothú sa scoil ón tús sa scoil agus tá sé sin fós an-tábhachtach dúinn théis go bhfuil an scoil méadaithe go mór ó shin. Bíonn fáilte isteach roimh thuismitheoirí chun eolas a roinnt agus cúnamh a thabhairt.

Go ndéanfaí forbairt iomlán ar ilthréithe an ghasúir ag tógáil san áireamh go bhfuil cumas agus riachtanaisí éagsúla ag chuile ghasúr. Go gcuirfí oideachas ar ardchaighdeán ar fáil ionas go mbeidh na gasúir go in ann páirt iomlán éifeachtach a ghlacadh sa sochaí.

Déanfar iarracht cur le féinmheas agus féinmhuinín an pháiste ina leith seo.

Is Gaelscoil í seo agus ‘sí an Ghaeilge teanga chumarsáide agus teagaisc na scoile. Ní gá go mbeadh Gaeilge líofa ar a dtoil ag na tuismitheoirí ach tá sé tábhachtach go mbeadh dearcadh dearfach i leith na Gaeilge sa teaghlach. Is í aidhm na scoile ná go n-úsáidfí an Ghaeilge mar theanga bheo sa scoil.

We are proud to be able to offer to parents the option of a comprehensive and hollistic primary education through the medium of the Irish language for their children. From the outset children are immersed in the “Gaeilge” with the aim of being fluent and  bi-lingual by the time they reach the senior classes. Expert linguists have no doubt but that the acquistion of a second language at such an early age greatly enhances the childs ability to become fluent in other languages. Here in Gaelscoil Dara as in all Gael Scoileanna the children are proud of their Irishness, and enjoy activities such as traditional music and singing, dancing, gaelic games, and drama. We regularly compete in sporting competitions as well as musical and drama festivals.