Ag Forbairt Scileanna Teicneolaíochta agus ag Foghlaim Faoin Iodáil

Bhí muid ag foghlaim faoin Iodáil sa Stair agus sa Tír Eolas le gairid. Bheartaigh muid ar thionscadal a dhéanamh i mbeirteanna leis an méid a d’fhoghlaim muid a chur i láthair.

Rinne muid go leor taighde roimh ré agus ansin d’úsáid muid Google Drive and Google Docs lenár n-eolas a bhailiú agus a chur in eagar. D’fhorbair muid go leor scileanna teicneolaíochta nua i rith an phróisis agus is aoibhinn linn an ‘copy and paste’ a úsáid anois!

Chuir gach grúpa na tionscadail le chéile go hálainn agus ansin thosaigh muid ag ullmhú don chur i láthair a bhí le déanamh ó bhéal. D’úsáid muid cártaí beaga oráide agus bhí gach taispeántas thar a bheith proifisiúnta sa deireadh thiar thall. Tá muid chomh bródúil as an obair dhian dhícheallach a chur muid isteach ann!