Ag ullmhú don seó eolaíochta i mBaile Átha Cliath

Tá Rang 5 (2) an-ghnóthach ag ullmhú don seó eolaíochta a bhéas ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo chugainn. Tá siad ar bís agus ag súil go mór leis. Tá siad ag déanamh sár-obair agus ag foghlaim go leor. Tá siad tar éis go leor taighde a dhéanamh. Tá said ag fiosrú an bhfuil obair bhaile tairbheach. Tá siad tar éis suirbhéanna a chur ar pháistí agus mhúinteoirí. Meas tú cén toradh a bhéas ar an gceist!