An ‘Daily Mile’

D’ardaigh muid brat speisialta ós comhair na scoile an tseachtain seo caite. Tugann sé aitheantas do na sár-iarrachtaí a dhéanann na páistí agus na múinteoirí i nGaelscoil Dara chun sláinte intinne agus scileanna aclaíochta a chur chun cinn. Tá feachtas an ‘Daily Mile’ ar bun sa scoil le blianta beaga anuas agus baineann muid an-sásamh agus tairbhe as. Féach ar www.thedailymile.ie chun breis eolais a fháil. Maith sibh a pháistí!