An ‘Late Late’!

Bhí na páistí ar bís faoin Late Late Toy Show an Aoine seo chaite. Bhí ár gceann féin againn ar scoil i rith an lae. Tháinig Alex ó Rang a sé isteach chun cabhrú linn agus a bheith mar Ryan Tubridy! Phléamar go leor leabhair agus bréagáin. D’fhan Ryan siar tar éis chun rudaí a síniú le haghaidh na páistí.