An Nollaig 2021

Bhí an-chraic againn agus muid ag ullmhú don Nollaig i mbliana. Bhain muid an-sult as Lá na nGeansaithe a bhí eagraithe ag Coiste na bPáistí agus bhailigh muid bia do Chumann Naomh Uinseann de Pól chomh maith.

D’obair muid go cruaidh ar ár dTionscadal Nollag agus ar an lá deireanach roimh na laethanta saoire, rinne muid Tithe na Nollag a bhí iontach milis ar fad! 🙂