Ár gCéad Fhaoistin i Rang 2!

Ar Déardaoin rinne na páistí ó Rang 2A agus Rang 2B a gCéad Fhaoistin 🙏🏼

Chuir na páistí go leor cleachtadh isteach don Chéad Fhaoistin, ag foghlaim paidreacha nua agus amhráin álainn agus bhí siad go hiontach ar an lá! 😇

Freisin, rinne na páistí ealaín den scéal An t-Aoire Maith ar scoil mar chuid den ullmhúchán don Chéad Fhaoistin agus rinneamar taispeántas aláinn de i rith na seachtaine 🐑🐑🐑

Maith sibh a pháistí agus comhghairdeas 👏🏻 Tá muid ag tnúth go mór anois leis an gCéad Chomaoineach ag deireadh Mí Bealtaine 😄