Bleachtairí R5A

Thóg muid faoi dhúshlán cinéal difriúl sa Bhéarla le gairid – thosaigh muid ag déanamh staidéir ar phodchraoladh darbh ainm ‘The Mysterious Disappearance of Mars Patel’. Bhí an rang ar fad ag feidhmiú mar bhleachtairí ag iarraidh an scéal corraitheach seo a fhiosrú. Bhí muid uilig gafa leis agus ag súil le bheith ag éisteacht leis an gcéad séasúr eile!