Bronnadh Brat na hÉireann

Tháinig buíon ó Arm na hÉireann ar cuairt chugainn le gairid.  Bhronn siad Brat na hÉireann agus cóip d’Fhorógra na Poblachta ar an scoil.

Chas an scoil ar fad Amhrán na bhFiann agus bhí ceol feadóige agus amhrán ó chuid de na páistí. Labhair P.J Maloney ón Arm faoin mBratach agus an chaoi gur cheart aire a thabhairt dó.  Labhair sé freisin faoin bhForógra agus faoi Éirí Amach 1916.

Léigh Josh Ó Creachmhaoil agus Saoirse Nic Aodhagáin ó Rang a Sé agus Adam Ennaqui  agus Sienna Seoighe Ní Fhátharta ó Rang a Cúig ón bhForógra ar ardán an halla don scoil ar fad.

Ghlac Alicia Nic an Gheimhridh agus Mia Ní Bhrádaigh leis an mBrat ar son na scoile. Is í Alicia an dalta is sine sa scoil agus is í Mia an duine is óige.

Beidh an Brat á ardú ag gach scoil sa tír ar 15/03/2016

Iarradh ar na h-ardranganna leagan nua den fhorógra a scríobh i bhfeiliúint don lá inniu.  Bhain gach duine an-sult as an ócáid agus bhíomar an-sásta go raibh beirt tuismitheoir, Rachael agus Brendan i láthair.

Tá pictiúir thíos.

IMG_4619 IMG_4621 IMG_4622 IMG_4623 IMG_4624 IMG_4625 IMG_4626 IMG_4628 IMG_4629 IMG_4630 IMG_4631 IMG_4632 IMG_4633 IMG_4752 IMG_4753 IMG_4754 IMG_4755 IMG_4756 IMG_4757 IMG_4758 IMG_4759