Buaiteoirí Comórtas START 2022 – Rang a 5A

Rinne Rang a 5A éacht le gairid nuair a tháinig siad sa Chéad Áit sa Chomórtas START leis an tionscadal ‘An bhfoghlaimíonn páistí níos fearr ó mhúinteoir ná ó chéile?’

Rinne an rang an-obair ar fad ó thús deireadh – tháinig siad aníos leis an gceist, dhear siad plean chun é a fhiosrú, chuir siad an triail é féin i gcríoch, rinne siad anailís ar na torthaí agus rinne siad an méid a bhí déanta a thaifead in leabhrán gleoite. Tá muid chomh bródúil astu.

Bhí lá mór ceiliúrtha ag gach duine in Ollscoil na Gaillimhe agus bhí an-spórt ar fad ann. Tá grianghrafanna agus físeán le feiceáil ag an nasc thíos.

https://startcompetition.com/winners-2022/