Coiste na bPáistí – Lá na nGeansaithe

Tháinig muid le chéile díreach roimh na Nollag chun Lá na nGeansaithe a shochrú. Roghnaigh muid na carthanachtaí ‘ Make a wish foundation ‘ agus ‘Focus Ireland’ . Rinne chuile dhuine an-iarracht ar fad ar an lá agus bhailigh muid €890. Míle buíochas don phobal scoile uilig.