Comóradh 1916

Chuir muid tús leis an gComóradh, an chéad rud ar maidin, nuair a chuaigh na paistí agus na múinteoirí ar fad amach chun tosaigh ar an scoil. D’ardaigh Alicia agus Seán brat na hÉireann ar son na scoile. Chasamar ar fad Amhrán na bhFiann.

Chuamar isteach sa halla ansin agus bhí ceolchoirm againn le ceol feadóige agus amhránaíocht. Bhí an halla maisithe go hálainn le tionscnaimh a rinne na páistí bunaithe ar Éirí Amach na Cásca 1916. Bhronnamar duaiseanna ealaíne Seachtain na Gaeilge (féach grianghrafanna faoin gceannteideal “Buaiteoirí Comórtas Ealaíne”). Léigh ceathrar páiste as Rang 5 & 6 Forógra na Cásca 1916 dúinn. Bhí muid an-bhródúil chomh maith as na páistí i ranganna 3, 4 & 5 a léigh forógraí nua dúinn a chum siad féin. Tugadh aitheantas do na buaiteoirí sa chomórtas Scríobh Leabhar (féach grianghrafanna faoin gceannteideal “Buaiteoirí Scríobh leabhar”) Léadh amach na páistí ón mBosca Dearfach don tseachtain agus liosta na Stampaí Gaeilge. Chas muid Trasna na dTonnta le chéile agus Óró ‘Sé do Bheatha ‘Bhaile, amhrán a chum Pádraig Mac Piarais

Bhí lón beag againn ansin agus céilí mór don scoil ar fad ar an Astro ina dhiaidh (Féach grianghrafanna faoin gceannteideal “Céilí Mór”). Bhí an-lá ag chuile dhuine idir óg is aosta. Féach na grianghrafanna thíos agus faoina cinnteidil eile.100_3513 100_3514 100_3515 100_3519 100_3520 100_3522 100_3524 100_3525 100_3526 100_3527 100_3528 100_3529 100_3531 (2) 100_3531 100_3533 100_3534 100_3535 100_3536 100_3537 100_3540 100_3541 100_3542 100_3560 100_3561 100_3562 100_3564 100_3565 100_3566 100_3568 100_3569 100_3570 100_3571 100_3572 100_3573 100_3574 100_3576 100_3578 100_3579