Comórtas Ealaíne do Sheachtain na Gaeilge

Bhí comórtas againn ar scoil chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Rinne na páistí sár-obair agus bhí an caighdeán an-ard. Bhí sé thar cionn an dul chun cinn a fhéiceáil ó bhliain go bliain. Dhathaigh na bunranganna pictiúr a bhain le Lá Fhéile Pádraig agus roghnaigh na meán agus ardranganna seanfhocal agus léirigh siad a dtuiscint orthu. Bhí an-samhlaíocht le feiceáil agus torthaí cruthaitheacha agus ealaíonta ar a gcuid oibre.

Bhí an-dushlán ag na moltoirí na buaiteoirí a roghnú!

Feicfidh sibh na buaiteoirí thíos – Comhghairdeas ó chroí libh!