Féile Baboró 2022

D’fhreastal Rang a 6 ar an dráma The Sleep that Ceased to Settle sa Taibhdhearc ar an Luan 17ú Deireadh Fómhair 2022, mar chuid d’fhéile Baboró. Bhí seans acu ceisteanna a chur ar an stiúrthóir agus ar na haisteoirí taréis an dráma. Labhair cuid acu le foireann news2day (RTÉ) ina dhiaidh sin, agus thugadar a gcuid tuairmí faoin dráma. Maith sibh a ghasúir. (Tosaíonn an píosa ag 4n15s sa nasc thíos – roghnaigh, cóipeáil agus greamaigh an nasc sa mbosca cuardaigh)

https://www.rte.ie/kids/news2day/2022/1019/1330077-news2day-18-october-2022/