Lá Tír le Teanga 2022 – Naíonáin Bheaga C

Bhí lá iontach againn ar an 18ú Samhain a bhuíochas le Rang a 6 a d’eagraigh lá Tír le Teanga dúinn. Bhí neart gníomhaíochtaí spraíúla eagraithe acu dúinn ar nós cluichí ar an Astro, seó puipéad, péinteáil aghaidh agus seomra cluichí! Bhain muid an-sult as.

Ba mhaith linn míle buíochas a ghabháil le Rang 6, Múinteoir Rút agus Múinteoir Colm as ucht an lá álainn!