Maidin ar an trá.

Chaitheamar maidin álainn ar an trá inné, d’imir na páistí san uisce, rinneamar caisleáin agus chuaigh siad ag lapadaíl san uisce. Bhí picnic againn ina dhiaidh. Bhí an-suim ag na preacháin sna boscaí lóin!

Mar is iondúil bhí na páistí béasach agus múinte agus Gaeilge le cloisteáil thíos ar an trá.