Mí Eanáir – Naíonáin Bheaga C

Bhí neart gníomhaíochtaí spraíúla ar siúl againn i mí Eanáir. Thosaigh muid ar Réidh, Socair, Déan an téarma seo agus tá muid ag baint neart taitneamh agus tairbhe as na gníomhaíochtaí ar fad!

D’fhoghlaim muid faoi chruthanna 2T; cearnóg, ciorcal, triantán agus dronuilleog. Bhain muid úsáid as maidí líreacáin chun na cruthanna a léiriú agus fuair muid neart cleachtadh ar a bheith ag tarraingt agus ag gearradh na cruthanna chomh maith.

Mhaisigh muid laindéir do Bhliain Nua na Síne freisin!