Mí na Nollag i Naíonáin Bheaga C

Bhí neart gníomhaíochtaí ar siúl againn i Mí na Nollag sna Naíonáin Bheaga. Bhí muid an-ghnóthach ag réiteach do Seó na Nollag. Rinne muid taispeántas don scoil ar fad agus do na tuismitheoirí agus gaolta agus bhain muid an-sult as!

Chomh maith leis sin, chuamar ar shiúlóid chomh fada leis an séipéal agus chonaic muid an mainséar. Chan muid cuid de na hamhráin a bhí againn don seó agus muid sa séipéal.

Bhí cóisir beag againn freisin le ceiliúradh a dhéanamh ar ché chomh maith is a bhí an rang sa seó, mar gheall ar an iarracht atá á dhéanamh acu leis an nGaeilge agus mar gheall go bhfuil siad chomh cineálta lena chéile! Bhí grán rósta againn agus dioscó beag!