Oíche na nIarscoláirí

DSCF0635DSCF0638 

Bhí Oíche na n-iarscoláirí againn Déardaoin seo caite.  Tháinig rang a sé na bliana seo caite ar ais, lena dtuismitheóirí, le ceiliúradh a dhéanamh.  Bronnadh teastais ar na daltaí agus bhí Máire Úí Dhroighneáin ó Ros na Rún i láthair mar aoí-chainteoir.

 

Ar an oíche freisin bronnadh leath-scoláireacht Ghaeltachta €300 i gcuimhne ar Mháirín Ní Iarnáin (múinteoir sa scoil sna blianta tosaigh) ar Phádraig Ó Fallúin, ball de rang a sé 2007/8, urraithe ag clann Mháirín agus an Bord Bainistíochta. Beidh ainm Phádraig greannta ar na sciath buan.  Ár mbuíochas do Sheosamh ó hIarnáin deartháir Mháirín a bhronn an duais ar an oíche.

 

Ár mbuíochas do Choiste na dTuistí a d’eagraigh an ócáid agus a chabhraigh ar an oíche, agus do rang a sé na bliana seo a chuir soláistí ar fáil dúinn.

 

Bhí an-oíche ann agus bhain gach duine an-taitneamh as!