Saolré na bhfeileacán Rang a hAon (1)

Bhí rang a haon an ghnóthach le cúpla seachtain anuas agus iad ag foghlaim faoi Saolré an Feileacán. Bhí siad ag tabhairt aire do roinnt crúimh chabáiste, agus bhí siad ar “Caterpillar Watch” gach lá chun na stáideanna éagsúla i saolré an feileacán a thaifead.

Saolré an Feileacán

1. Beireann an feileacán ubh ar dhuileog chabáiste.

2. Pléascann cruimh chabáiste amach as an ubh.

3. Itheann an chruimh go leor agus fásann sé.

4. Théis cúpla seachtain athraíonn cruimh isteach ins chrisilid.

5. Théis 2-3 seachtain osclaíonn an crisilid agus tagann an feileacán amach. Tá muid ar bís mar tá trí cinn de na feileacán (Painted Ladies) tar éis teacht amach as an crisilid! Bhí dathanna álainn le feicéail orthu.