Scéala Dara

19/05/11

Reifreann ar Éide Scoile/School Uniform Referendum.

Bhí an comhaireamh ann inné ag 2.00i.n.  Bhí ionadaí ó Choiste na dTuistí i láthair, chomh maith le roinnt múinteóirí ón scoil.  As 246 clann sa scoil fuair muid 245 vóta ar ais.  Ár mbuíochas daoibh faoi seo.  We had the count yesterday at 2.00pm with a representative from the Parents Committee present.  From 246 families in the school, we had 245 ballots cards returned to us.  Many thanks for taking the time.

Bhí 146 vóta (59.59% ar son éide scoile/in favour of school uniform

Bhí 99 vóta (40.41%) ar son fanacht gan éide scoile/happy to stay as we are

Mar is eol daoibh cheanna rinne an Bord cinneadh go dteastódh móramh 66.6% chun aon athrú a dhéanamh.  Dá réir sin ní bheidh aon éide scoile a chaitheamh sa scoil nua.  Tá na vótaí ar fad coinnithe agus is féidir scrúdú a dhéanamh orthu ach coinne a dhéanamh san oifig.

As you are aware the Board of Management had decided that we need a 66.6% in favour to make any change.  Therefore we will not have a Uniform in our new school.  All the ballot cards have been kept in the school and should you wish to view them at any time please make an appointment through the office.

Féile Scoildrámaíochta

Tá an drámaíocht thart i mbliana agus b’iontach an bhliain í. Comhghairdeas leis na múinteoirí a ghlac páirt sa chomórtas áitiul, Féile Chonnachta, agus an Fhéile Náisiúnta. Leis na drámaí “X Factor” (Rang 4 Muinteoir Micheál) Codladh Céad Bliain (Rang 4/5 Múinteoir Siobhán) agus “Díoltas na Coille” (Rang 2 Múinteoir Brian).  D’éirigh le dhá dhráma dul chomh fada leis an bhFéile Náisiúnta sa Mhuilleann gCearr agus bhuaigh R2 craobh na hÉireann.  Chuaigh ceathrar páiste ón Rang go Páirc an Chrócaigh Dé Céadaoin seo caite le Mairtín agus Brian chun an corn a ghlacadh.

Féile Ghael Linn

Tá buachaillí agus cailíní ó rang 5 agus rang 6 thiar i Leitir Mór inné agus inniú chun páirt a ghlacadh i gcomórtas peile eagraithe ag Gael Linn.  Bhí Quiz Bord, Ceolchoirm, agus céilí beag acu aréir leis na scoileanna eile páirteach sa chomórtas.  Ár mbuíochas do na múinteoirí Aoife agus Eileen a rinne an traenáil agus a chuaigh siar leo agus a d’fhan leo go dtí go raibh na h-imeachtaí thart.  Ár mbuíochas freisin do na tuismitheoirí a tháinig amach chun na páistí a bhailiú aréír.

Céad Chomaoineach

Guímíd gach rath ar rang 2 Dé Sathairn beag seo chugainn nuair a ghlacfaidh siad leis an sacraimint tábhachtach seo ina saoil don chéad uair.  Ár ndóigh beidh muid an-bhuíoch as cabhair ar an lá ó thuismitheoirí Rang 1 agus Rang 3 agus Coiste na dTuistí.