Scéala Dara

Bhíomar an-ghnóthach anseo le cúpla seachtain anuas.

 

Féile Scoldrámaíochta 2016:

 

Ghlac na haisteoirí óga s’againne páirt sa bhFéile Cúige a bhí ar siúl i Seanscoil Shailearna ar an 3ú Márta. D’éirigh thar barr arís leo agus tá chuile cheann de na drámaí ag dul ar aghaidh go dtí an Fhéile Náisiúnta a bheidh ar siúl sa Mhuileann gCearr ag deireadh mí Aibreáin. Maith sibh Ranganna 3, 5 agus 6, na múinteoirí, an foireann agus na tuistí a thug cúnamh nó a thaisteal ar an lá.

 

Féile na hInse 2016:

 

Bhí an Fhéile ar siúl in Inis ar an 7ú agus 8ú Márta. Thaisteal páistí ó ranganna 3, 4, 5 agus 6 le agallaimh beirte, grúp-amhránaíocht,  amhránaíócht aonair agus labhairt na Gaeilge a chur ós comhair an phobail. D’éirigh go hiontach leo agus chroch siad go leor duaiseanna arais go Gaillimh leo! Chomh maith leis seo, bhí na múinteoirí a thaisteal leo ar an dá lá an-bhródúil as an dea-iompar agus na béasaí a thaispeáin siad – maith sibh a ghasúir.

 

Féile Aclaíochta 2016:

 

Taréis na seisiúin traenála aclaíochta le Jason Craughwell a cuireadh ar fáil do ranganna 3,4,5 agus 6 le roinnt seachtainí anuas, thaisteal na páistí chuig Halla Mhóinín na gCiseach ar an 2ú Márta le páirt a ghlacadh ins an Lá Mór Aclaíochta Áitiúil. Ar an 9ú Márta, thaisteal 60 gasúr go hÁth Luain le páirt a ghlacadh ins an Lá Mór Aclaíochta Náisiúnta. Maith sibh a ghasúir. Míle buíochas do Jason agus do na múinteoirí a thug cúnamh ar an dá lá – bhaineamar ar fad taitneamh agus tairbhe as.

 

Seachtain na Gaeilge 2016: 

 

Tá Seachtain na Gaeilge faoi lán seoil agus tá neart ar bun i nGaelscoil Dara lena cheiliúradh, idir chomórtas ealaíne, damhsa Gaelach, stampaí Gaeilge dúbailte srl. Meabhrú beag do chuile dhuine iarracht sa mbreis a dhéanamh Gaeilge a labhairt sa mbaile agus ar scoil – maith sibh.

Buíochas mór do mhúinteoir Eileen atá ag maisiú agus ag eagrú  na scoile le seachtainí anuas.

 

 

Saving Grace Fundraising Night:

 

Beidh oíche mhór ceoil ar siúl ar son Grace in Óstán Menlo Park ar an 14ú Aibreán. Ticéid ar fáil in oifig GSD – gach eolas ar an leathanach facebook Saving.Grace. Míle buíochas.