Seachtain na Gaeilge 2010

Seachtain na Gaeilge 2010

 5ú – 17ú Márta.

 www.snag.ie

A chairde,

Beidh muidne anseo i nGaelscoil Dara i mbun roinnt imeachtaí beaga sa scoil chun

Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus an Ghaeilge a chur chun cinn.

 

Beidh muid i mbun:      

 * amhránaíocht      * drámaíocht           *agallaimh beirte

*seanfhocail          * damhsa céilí              *ealaín 

agus dár ndóigh a lán craic agus spraoi!!

 

Tá muid ag iarraidh ar thuismitheoirí agus ar chairde na scoile iarracht breise a dhéanamh chun an Ghaeilge a scaipeadh le linn an tseachtain speisialta seo.

Úsáid do chúpla focal i dtimpeallacht na scoile, sa bhaile agus sa chomharsanacht.

Bain taitneamh, sult agus spraoi  as labhairt na Gaeilge!

 

“Beatha teanga í a labhairt”  

 

 Bígí ag faire amach anseo chun cúpla grianghraf a fheiceál dúinn ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge sa scoil