Seachtain na Matamaitice 2022 i Rang a 6

Chuaigh Rang a 6 ar thuras chuig ATU ar an Aoine 21ú Deireadh Fómhair 2022 mar chuid de Sheachtain na Matamaitice. Chonaic siad róbó á stiúradh ag Charlie ag úsáid aip ar an bhfón póca, thugadar cuairt ar na saotharlanna innealtóireachta, agus bhaineadar an-taitneamh as an gcaint a thug an aoi-chainteoir Steve Sherman. Mar is iondúil, bhí na páistí béasach agus aibí – táimid an-bhródúil astu. Ár mbuíochas do chuile dhuine in ATU a chuir fáilte mhór romhainn ar an lá.