Seachtain na Matamaitice i Rang 2

Rinneamar cúpla gníomhaíocht spraíúil le haghaidh Seachtain na Matamaitice i Rang a 2. Ghlac na páistí páirt i dTóraíocht Mata, bhí 12 cheist curtha i bhfolach timpeall na scoile agus bhí ar na páistí iad a aimsiú agus iad a fhreagairt. Freisin bhí muid ag obair ar ionad luach sa rang agus bhí na blocanna dienes in úsáid againn. Ag deireadh na seachtaine bhí Tráth na gCeist Matamaitice againn sa rang, bhí cúig bhabhta difriúla le déanamh ag na páistí agus d’éirigh go hiontach leo!