Tuairisc ar Chorn Aisling De Paor 2009

DSC_0346 

Thosaigh muid ar an on ócáid seo anuraidh i gcuimhne ar ár gcomhoibrí Aisling a cailleadh tar éis tinnis. Bhí suim ar leith ag Aisling sa pheil.Tugaimid cuireadh do na Gaelscoileanna agus do na scoileanna Gaeltachta inár gceantar le bheith pairteach i gcomórtas peile go bliantúil. Bíonn An Ghaeilge mar chuid lárnach agus ina teanga chumarsáide ar an lá

 

 

I mbliana bhí sé scoil páirteach sa chomórtas a tharla ar Pháirceanna Peile na Rinne Móire atá gar don scoil. Ba iad Scoil Sailearna ó Indreabhán, Scoil Éinne ón Spidéal, Scoil Mhic Dara ón gCeathrú Rua, Gaelscoil de hÍde ón Uarán Mór, Scoil Iognáid ó Ghaillimh agus muid féin, Gaelscoil Dara.

 

Bhíomar ar an bpáirc ag 09:00 chun na páirceanna imeartha a leagadh amach agus na cúil a chrochadh.

 

Bhí puball le cur suas freisin, áit a mbeadh na soláistí á dháileadh amach.

 

Bhí an obair seo díreach déanta nuair a tháinig na foirne go léir agus thosaigh na cluichí go gairid ina dhiaidh sin. Bhí dhá chluiche ag tarlú ar dhá pháirc difriúil ag aon am amháin.

Bhí slua tacaíochta i láthair freisin a tháinig le cuid de na scoileanna chomh maith le formhór na bpáistí ón scoil is againne. Bhí baill de chlann Aisling ann freisin.

 

Thacaigh an dea-aimsir leis an atmaisféar chomh maith. Cuireadh soláistí ar fáil don na himreoirí agus dá múinteoirí uilig.

 

Bhí Scoil Mhic Dara agus Scoil Éanna sa chraobh agus ar deireadh bhí an lá ag Scoil Mhic Dara. Bhronn Ciarán de Paor,deartháir le hAisling na boinn agus an corn ar an bhfoireann.

 

Bhíomar an-sásta leis an ócaid ina hiomlán. Creidimid go gcothaíonn sí dea-chaidreamh idir na scoileanna a bhíonn páirteach agus bíonn deis ag ár bpáistí buaileadh le páistí eile a úsáideann an Ghaeilge mar theanga labhartha.

 

Bhí sé 15:00 nuair a bhí an glanadh mór ar fad déanta.

 

DSC_0361

DSC_0353

DSC_0351

DSC_0349

DSC_0341

DSC_0333

DSC_0331

DSC_0313

DSC_0322

DSC_0319

DSC_0316

DSC_0314

DSC_0311

DSC_0307

DSC_0303

DSC_0306

DSC_0301

DSC_0299