Turas Scoile Rang a Trí – Eile Mental

Bhí lá den scoth againn amuigh in Eile Mental ar an gCéadaoin. Cé go raibh sé gaofar agus fliuch ar maidin, bhí na páistí cróga agus spraíúil. Chuaigh corr bhróg sa phortach agus rinneamar neart gáire. Bígí thar a bheith bródúil as bhur gcuid páistí, bhí siad béasach agus múinte le chuile dhuine a casadh orthu agus labhair siad Gaeilge ar feadh an lae!