Bhí lá iontach againn ar scoil inniu. Ghléas gach duine suas agus bhí siúlóid na gcailleacha againn sa pháirc astro. Is aoibhinn linn laethanta mar seo!
Author: Martina Ní Shúilleabháin
An Chéad Mí i Naíonáin Bheaga
Táimid go hálainn agus muid ag tosnú sna naíonáin i nGaelscoil Dara. Rinneamar lus na gréine mar go bhfuilimid cosúil le bláth ag fás agus ag bláthú. 🌻
Coiste na bpáistí 2023/ 2024
Míle buíochas ó chroÍ don dream seo. Bhí an choiste seo thar barr. Rinne siad an oiread don scoil agus d’eagraigh siad laethanta speisialta do phobal na scoile idir Lá na nGeansaithe, bailiúcháin bhia don Chumann Uinseann de Phóil, Seachtaine Léigh…
Maidin ar an trá-Rang a 1 A agus B
Bhí maidin iontach againn ar an trá inniu. Fuaireamar uachtar reoite agus bhí sé an- bhlasta go deo! Seo na laethanta is deise ar scoil!! 🍦☀️🚶♂️🚶♀️
Picnic na mBeár Rang1A & Rang1B
Thugamar ár dteidithe ar scoil mar chuid den seachtain folláine. Nach iad a bhí sásta amuigh sa chlós ag ithe milseáin! Bhì muidne an-sásta freisin!🧸😊🐻💕
Seachtain Folláine Rang1A
Rinnemar pictiúrí ildaite sa chlós le cailc agus bhí am iontach againn ag déanamh bolgóga. Am sona gan dabht..😊💕
Turas Rang 1 A agus B ag an séipeál chun Fleasc na hAidhbhinte a fheiceáil.
‘Séard a bhí ann ná ciorcal le duilleoga síorghlasa agus coinnle cocra agus bán dearg . Lasann an sagart iad seo san Aidhbhint. Lastar an coinneal bán ar bhreith lá Íosa ar Lá Nollag. 🕯🎄
RANG 1- Turas go dtí an Geamaireacht ar bhus dhá stór! Iontach uilig! 🚍🎭
Rang 1 A -ag léamh lenár gcairde i Rang 4
Rinne na páistí ó Rang a 4 léitheoireacht linn gach maidin Dé Máirt sgus Déardaoin. Tá ‘ buddies ‘ nua againn agus tháinig ár gcuid léitheoireacht ar aghaidh go mór. Mìle Buíochas Rang 4 A👏👏📚
Seó na Nollag Rang a 1 A agus Rang 1B
Seo na páistí uilig ó Rang a haon ar stáiste um Nollag. Chan siad amhráin agus rinne siad aithris ar roinnt dánta. Bhí gach duine thar barr. Tháinig slua mór chuig na scoile le breathnú orthu. 🎄🎅