Goid muid cumhacht óna tógáilí chun Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh le Ranganna 3,4,5 agus 6.
Category: Rang 4 (B) – Mari
Tír le Teanga 2022
Nach againn a bhí an spraoi ar an Aoine an 18ú Samhain 2022! D’eagraigh Rang a 6 an lá Tír le Teanga 2022 le meabhrú dúinn ar fad gur féidir linn spraoi agus spórt a bheith againn trí Ghaeilge amháin. Léigh…
Trastíre
Ghlac buachaillí agus cailíní na scoile páirt i rásaí trastíre idir scoileanna Dé Máirt seo chaite sa Rinn Mhór. D’éirigh thar barr leo ar an lá. Maith sibh!
Comórtas Ealaíne do Sheachtain na Gaeilge
Bhí comórtas againn ar scoil chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh. Rinne na páistí sár-obair agus bhí an caighdeán an-ard. Bhí sé thar cionn an dul chun cinn a fhéiceáil ó bhliain go bliain. Dhathaigh na bunranganna pictiúr a bhain Léigh…
Puimcíní
Seo na puimcíní a chuir páistí ó rang 4 sa pholathollán le múinteoir Treasa i Mí an Mheithimh. Tá cuid acu an-mhór ar fad! Chuir Fearghas éadain orthu inniu!
Bee-Bots!
Tháinig Rang a 4 ar cuairt chun na Bee-Bots a fhéiceáil. Thaispeáin rang a haon iad dóibh. Thaitin sé go mór linn ar fad!
Cumann Naomh Uinseann de Pól
Bosacaí Nollag don Christmas Shoebox Appeal
Christmas Shoebox Appeal – Féach ar an mhéid bosca a tháinig isteach ó páistí sa scoil. Rinne siad sár-iarracht leo i mbliana. Maith sibh!
An ‘Late Late’!
Bhí na páistí ar bís faoin Late Late Toy Show an Aoine seo chaite. Bhí ár gceann féin againn ar scoil i rith an lae. Tháinig Alex ó Rang a sé isteach chun cabhrú linn agus a bheith mar Ryan Léigh…
Rang a 4 ag códáil!
Tháinig grúpa ón gcomhlacht SAP chugainn chun códáil a thaispeáint dúinn. Chruthaigh gach páiste sa rang cluiche ríomhaire agus bhí seans acu iad a imirt ansin. Bhain na páistí an-taitneamh as an lá.