Bhí Lá na nGeansaithe againn ar scoil díreach roimh na laethanta saoire. Bhí geansaithe ildaite le feiceáil ar fud na scoile. Bhailíomar €890 do ‘ Focus Ireland’ agus’Make a wish foundation’. Táimid an – bhuíoch don iarracht a rinne chuile Léigh…
Category: Rang 1 (A) – Aoife
Ag déanamh ime
Seachtain Eolaíochta i Rang a 1
Rinnemar lampa láibhe agus bainne ildaite mar chuid den Eolaíocht don tseachtain speisialta seo. Bainne ildaite
Oíche Shamhna i Rang a hAon A.
Bhí an-spórt againn le siúlóid na gcailleacha agus seacláid the sa seomra ranga. Nach aoibhinn dúinn é!
Stair/ Gaeilge
Thosaíomar ag caint sa rang faoi na laethanta a chaith na páistí sa Naíonra. Rinneamar plé sa rang ealáine chomh maith agus tá na smaointí léirithe sna pictiúirí le cailc.
An Fómhar.
Tá an Fómhar ann faoi láthair. Tá dathanna an seasúir seo le feiceáil sna pictiúirí atá déanta ag Rang a haon A.
Lus na Gréine. Ealáin déanta le pastels. Nach bhfuil siad go hálainn!
Potaireacht i Rang a hAon A
Rinneamar iora rua le cré. Thaitin sé seo go mór linn. Bíonn an iora rua le feiceáil ag an am seo den bhliain. Taitníonn an Fómhar go mór leis go mór-mhór na laethanta seo agus é ag bailiú a chuid Léigh…