Tá Oíche Shamhna ag teannadh linn – agus bhí rudaí iontacha, aisteacha le feiceáil ar fud na scoile inné…agus nach muid a bhain taitneamh as an lá. D’éirigh páistí Rang a 3 – agus a gcuid tuismitheoirí! – go luath ar maidin inné. Bhaineamar an-sult as Siúlóid na gCailleach sa Halla, áit a raibh seans againn féachaint ar na cultacha iontacha ar fad. Maith sibh!