Taréis an méid oibre atá déanta i gceardlanna Rang a 6 le seachtainí – agus sa mbaile freisin – nach aoibhinn dúinn go raibh an aimsir ag comhoibriú linn inniu agus muid i mbun na siúlóide. Is breá an rud an chruthaitheacht seo a fheiceáil san aos óg – maith sibh a pháistí!