Bhí lá iontach ar fad ag na páistí uilig ó Rang a haon ar an Aoine an 9ú lá de Mheitheamh. Bhí Jungle Town agus Inflatable City ar bharr an liosta chomh maith leis na hainmhithe a bheathú. Bhí crogall mór ina codladh san uisce agus baineadh geit damanta as Múinteoir Shane nuair a chonaic sé é! Thug Múinteoir Martina é ag an bpáirc spraoi mar go raibh faitíos an domhain air! An creatúr bocht!