Tom Crean Bhain páistí Rang a Trí an-taitneamh as an méid a d’fhoghlaim siad i mbliana faoin taiscéalaí iomráiteach Tom Crean . Rinne siad léitheoireacht, scríbhneoireacht agus ealaín bunaithe ar an méid a d’fhoghlaim siad. An Spáinn Hola!! Rinne muid staidéar bheag ar an Spáinn i Léigh…
Category: Rang 3 (A) – Elaine
Oíche Shamhna 2010
Seo cuid de na páistí agus iad gléasta suas d’Oíche Shamhna !
An Gairdín Scoile.
Thosaigh muid ar an ngairdín scoile a réiteach i mbliana. Bhí go leor ranganna páirteach ann , ag cur na síolta agus na plandaí . Chabhraigh na naíonáin go mór ag cur uisce orthu!
Rang a trí 2009- 2010.
Turas scoile ar an Uisceadán i mBóthar na Trá. Bhí lá iontach ag Rang a trí san Uisceadán. D’fhoghlaim siad go leor faoi sliogéisc agus rinne siad mionscrúdú ar ochtapas ! Bhain siad an -taitneamh as na turgnaimh freisin. Seo cúpla Léigh…
An Féile Scoldrámaíochta 2010.
Drámaíocht. Ghlac Ranganna a Trí agus a Ceathair páirt san Fhéile Scoldrámaíochta i mbliana. Seo iad na drámaí a cuireadh ar an stáitse; “Labhraidh Loingseach”, le Rang 3 agus an múinteoir Gearóidín, “Clann Lir”, le Rang 3 agus múinteoirí Treasa agus Léigh…
Áilteoir ag gleacaíocht.
Bhíomar ag tástail cothromaíocht sa rang agus d’fhoghlaim muid go bhfuil pointe ag gach rud ar a ghlaoitear an meáchanlár. Rinne muid iarracht an t-Áilteoir a chothromú ar an srón agus ar pheann luaidhe.
Roicéad a theilgeadh.
Roicéad a theilgeadh! Sa rang eolaíochta rinne muid tástáil ar roicéad a theilgeadh. D’úsáid muid balúin mhóra ,píosa téada, sop agus pionna éadaigh. Is é an t-aer te a thagann as an mbalún a bhrúnn ar aghaidh é agus seo é Léigh…
K’nex
Thóg Rang a trí páirt sa Seachtain Eolaíochta i mbliana. Tháinig K’nex ar cuairt ag an scoil agus tugadh tionscnamh do na páistí Spás-long a dhearadh agus a thógáil. Seo iad innealltóirí óga Rang a Léigh…
Bord Dúlra
Bhí muid ag foghlaim faoi na Séasúir agus bhailigh páistí Rang 3 caora, duilleoga , sméara agus bláthanna . Fuair páiste amháin an Beacán seo ina gáirdín sa bhaile – Caipín Dúch atá ann. Choinnigh muid é ar an mBord Dúlra Léigh…
Maisiúcháin na Nollag
Sa rang ealaíne rinne Rang 3 maisiúcháin le crochadh ar an gcrann Nollag . Tá siad go h-álainn – maith sibh !