Drámaíocht.
Ghlac Ranganna a Trí agus a Ceathair páirt san Fhéile Scoldrámaíochta i mbliana. Seo iad na drámaí a cuireadh ar an stáitse;
“Labhraidh Loingseach”, le Rang 3 agus an múinteoir Gearóidín,
“Clann Lir”, le Rang 3 agus múinteoirí Treasa agus Brian agus cúntóir Joanne,
” X Factor”, le Rang 3/4 agus múinteoir Mícheál,
“Codladh Céad Bliain,” le Rang 4 agus an múinteoir Siobhán .
D’éirigh go hiontach leo- bhuaigh dráma Rang 4 “Codladh Céad bliain”, Roinn a 3 sa chomórtas áitiúl i Seanscoil Shailearna agus bhuaigh Laura Ní Cheallaigh i Rang 3 an duais don aisteoir is fearr sa dráma ” Clann Lir”.
Lean siad ar aghaidh agus ghlac siad páirt i gcomórtas Cúige Chonnacht i gCaisleán an Bharraigh agus d’éirigh leis an dá rang dul chuig an Fhéile Náisiúnta (All Ireland) sa Mhuileann gCearr . Bhí muid go léir ar bís!!
Bhain siad gradam amach don” Bhunscoil is Fearr”, beidh an bronnadh ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ar an 19ú lá de mhí Bealtaine! Táimid an- bhródúil as na páistí go léir .
Seo cuid de na griangraifeanna…….
Aisteoirí óga Ghaelscoil Dara ! Maith sibh!
An bronnadh i bPáirc an Chrócaigh.
Bhí lá mór againn i bPáirc an Chrócaigh i mí Bealtaine. Bronnadh corn don Bhunscoil is fearr san Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar Rang 3 agus Rang 4. Buíochas mór do gach duine a chabhraigh linn . Maith sibh a pháistí!!