Chuir muid tús leis an gComóradh, an chéad rud ar maidin, nuair a chuaigh na paistí agus na múinteoirí ar fad amach chun tosaigh ar an scoil. D’ardaigh Alicia agus Seán brat na hÉireann ar son na scoile. Chasamar ar fad Amhrán na bhFiann.
Chuamar isteach sa halla ansin agus bhí ceolchoirm againn le ceol feadóige agus amhránaíocht. Bhí an halla maisithe go hálainn le tionscnaimh a rinne na páistí bunaithe ar Éirí Amach na Cásca 1916. Bhronnamar duaiseanna ealaíne Seachtain na Gaeilge (féach grianghrafanna faoin gceannteideal “Buaiteoirí Comórtas Ealaíne”). Léigh ceathrar páiste as Rang 5 & 6 Forógra na Cásca 1916 dúinn. Bhí muid an-bhródúil chomh maith as na páistí i ranganna 3, 4 & 5 a léigh forógraí nua dúinn a chum siad féin. Tugadh aitheantas do na buaiteoirí sa chomórtas Scríobh Leabhar (féach grianghrafanna faoin gceannteideal “Buaiteoirí Scríobh leabhar”) Léadh amach na páistí ón mBosca Dearfach don tseachtain agus liosta na Stampaí Gaeilge. Chas muid Trasna na dTonnta le chéile agus Óró ‘Sé do Bheatha ‘Bhaile, amhrán a chum Pádraig Mac Piarais
Bhí lón beag againn ansin agus céilí mór don scoil ar fad ar an Astro ina dhiaidh (Féach grianghrafanna faoin gceannteideal “Céilí Mór”). Bhí an-lá ag chuile dhuine idir óg is aosta. Féach na grianghrafanna thíos agus faoina cinnteidil eile.