Oíche na nIarscoláirí

Oíche na nIarscoláirí

Dúradh slán oifigiúil le Rang 6 na bliana seo caite ar Oíche na nIarscoláirí Dé Máirt 18/11/2014. Bhí muid an-bhródúil astú ar an oíche. Bhí Seán Ó Gráinne, iar-phríomhoide na scoile i láthair mar aoí-chainteoir agus bronnadh teastas agus “An Fáinne Airgid” ar na páistí. Bhí cathaoirleach na scoile, Tómás Ó Dúbhda i láthair freisin, chomh maith le iar-mhúinteoir na ranga, Mícheál Ó Dómhnaill, agus an Príomhoide Máirtín Ó Ceallacháin.

Bronnadh duais Mháirín Ní Iarnáin ar pháiste ón Rang mar chuid den ócáid agus bhí deartháir Mháirín, Joe, ann chun an duais seo a bhronnadh.

Tá buíochas mór ag dul do choiste na dtuistí agus tuismitheoirí Rang 6 na bliana seo as an oíche a eagrú agus na soláistí a chur ar fail.

Seo thíos cúpla grianghraf ón ócáid.

IMG_2825[1]

IMG_2826[1]