Seachtain na Gaeilge 2010
5ú – 17ú Márta.
A chairde,
Beidh muidne anseo i nGaelscoil Dara i mbun roinnt imeachtaí beaga sa scoil chun
Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh agus an Ghaeilge a chur chun cinn.
Beidh muid i mbun:
* amhránaíocht * drámaíocht *agallaimh beirte
*seanfhocail * damhsa céilí *ealaín
agus dár ndóigh a lán craic agus spraoi!!
Tá muid ag iarraidh ar thuismitheoirí agus ar chairde na scoile iarracht breise a dhéanamh chun an Ghaeilge a scaipeadh le linn an tseachtain speisialta seo.
Úsáid do chúpla focal i dtimpeallacht na scoile, sa bhaile agus sa chomharsanacht.
Bain taitneamh, sult agus spraoi as labhairt na Gaeilge!
Bígí ag faire amach anseo chun cúpla grianghraf a fheiceál dúinn ag ceiliúradh Seachtain na Gaeilge sa scoil