Cuairt chuig an leabharlann Rang 2A

Chuaigh an rang chuig leabharlann na scoile don chéad uair an tseachtain seo. Tá go leor leabhar ar fáil sa leabharlann 📚📚 D’fhéach na páistí timpeall ar feadh cúpla nóiméad agus roghnaigh siad leabhar le seiceáil amach. Bhí Am DEAR ag na páistí ansin sa rang agus thosaigh siad ag léamh a leabhair nua! 📖 Bhain na páistí an-taitneamh as an gcuairt go dtí an leabharlann agus tá siad ag súil go leor leis an gcéad cheann eile!! 😁📚👏🏻