An Míle Órga – Rang 2A + 2B

Chuaigh na páistí ó Rang 2A agus Rang 2B amach ar shiúlóid don chéad uair an tseachtain seo 🚶🏼‍♀️🚶🏻‍♂️ Chuamar i gciorcal timpeall ceantar na scoile, síos tríd Ascaill Mhuirbhigh agus suas arís ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath. Chonaiceamar stáisiún na nGardaí, GMIT agus ár scoil ón mbóthar.

Chaith na páistí seaicéad sofheicthe ar an siúlóid agus labhair muid faoi conas a bheith sábhailte ar an mbóthar roimh ré. Ba bhreá linn é seo a dhéanamh go rialta má tá an aimsir go maith! 😄👏🏻