Seachtain Ghnóthach i Rang 2A

Bhíomar an-ghnóthach an tseachtain seo. Chuamar go dtí an trá ar an Máirt agus bhí an-spraoi ag na páistí ann 🏝🌊

Ar an gCéadaoin chuamar amach go dtí an polathollán agus bhí Múinteoir Mícheál ann ag cabhrú linn. Chuir na páistí agus Múinteoir Mícheál plandaí beaga trátaí. Beidh muid ag coinneáil súil orthu agus iad ag fás agus tá súil againn go mbeidh siad réidh le hithe i gcúpla seachtain 🍅🍅

Ar an Aoine d’fhéach muid ar Rang a Trí ag aisteoireacht sa halla. Bhí siad ag glacadh páirt i gcomórtas inscoile agus bhí muid an-sásta a bheith ann mar lucht féachana 🎭🎭