Lá na nAmadán i Rang 2A agus Rang 2B

Bhí sé Lá na nAmadán ar an Aoine agus d’imir na páistí i Rang 2A agus Rang 2B cleas ar a múinteoirí! Tar éis am lóin chuaigh páistí Rang 2A isteach go dtí seomra ranga Rang 2B agus chuaigh páistí Rang 2B isteach go dtí seomra ranga Rang 2A 🤫🤪 Cheap gach duine go raibh sé an-ghreannmhar agus bhain na páistí an-sult as an cleasaíocht 😂👏🏻