An Coiste Glas 2021/2022

Chuir muid Coiste Glas le chéile i Mí Mean Fómhair. Tá an Coiste déanta suas de pháistí na scoile faoi stiúr an mhúinteora.


Faoi láthair tá muid ag obair ar an téama Saorántacht Domhanda- Fuinneamh.Tá muid ag foghlaim faoin athrú aeráide ar fud an domhain agus an bealach a chuireann sé isteach ar thíortha thar a chéile.Tá muid ag breathnú freisin ar cheartaithe daonna ar fud an domhain agus cén tionchar atá muide in ann a bheith againn ar sin, mar shampla earraí Fairtrade a cheannacht.


Tá suirbhé déanta againn maidir leis na Náisiúnaithe éagsúla a bhfuil baint acu leis an scoil chomh maith, mar shampla mamaí nó daidí a rugadh i dtír eile, agus ag féachaint cén difríocht a dhéanann sé do shaol na bpáistí.


Tá muid ag foghlaim faoi cheartaí soisialta agus ídiú eiticiúil, chomh maith leis na fadhbanna timpeallachta atá ann ar scála dhomhanda faoi láthair agus céard is féidir a dhéanamh chun forbairt buan a thabhairt chun cinn.


Leanann muid ar aghaidh leis na téamaí ar fad atá déanta againn go dtí seo;Athchúrsáil, Sábháil uisce agus leictreachas, Taisteal, Bithéagsúlacht, Saorántacht Domanda – Brúscair agus an téama atá muid ag obair air faoi láthair.

Baill den Choiste 2021/2022

Rang 4 (B)Grace Ní Chumasaigh Rang 4 (A)Erika Nic an Bhaird Rang 6 (A)Rachel de Faoite Rang 6 (B)Leon Ó Cárthaigh Rang 5 (B)John Ó Cearra Rang 5 (A)


Comórtas Ealaíne: Comairle Cathrach na Gaillimhe

Ghlac muid páirt sa gcomórtas arís i mbliana agus bhí buaiteoirí againn anseo i nGaelscoil Dara
Isla Ní Dheaghaidh Rang 6 Jasmine Merrit Rang 5Aoife Ní Churraoin Rang 3

Maith sibh!