An Chéad Chomaoineach 2020: Ceiliúradh i nGaelscoil Dara

Comhghairdeas ó chroí le páistí Rang a 3 a ghlac lena gCéad Chomaoineach. Bhí dhá shearmanas an-speisialta againn i Séipéal Naomh Oilibhéar Pluincéad sa Rinn Mhór Dé Sathairn seo caite, an 26ú Meán Fómhair. Bhíomar an-bhródúil as na páistí agus tá súil againn gur bhain siad féin agus a muintir an-taitneamh as an lá, go háirithe agus iad taréis fanacht chomh fada leis.

Bhí ceiliúradh beag againn ar scoil inniu do na páistí ar fad. Maith sibh a ghasúir.