Féile na hInse

Ghlac Rang a 4 agus Rang a 6 páirt i bhFéile na hInse inné i nGaelscoil Mhíchíl Cíosóg.  D’éirigh go breá leo thíos ansin inné agus neart boinn ag teacht ar ais leo ar an mbus abhaile.

Bá mhaith liom tagairt a dhéanamh den dheá-iompar a léirígh gasúir Ghaelscoil Dara agus iad ar an mbóthar inné. Bhíodar iontach thíos ansiúd agus táimid fíor-bhródúil astú ar fad. Luaigh Príomhoide Gaelscoil Mhíchíl Cíosóg cé chomh maith is a bhí ár gcuid bpáistí. Maith sibh ar fad.

Buíochas oll-mhór do na múinteoirí ar fad a chuaigh ag taisteal inné agus a thug cúnamh leis an réiteach ar fad. Go bhfága Dia an tsláinte agaibh.