Lá na nGeansaithe Nollag i Rang 2(A)

Ghléas na páistí suas do Lá na nGeansaithe Nollag inniu and bhí siad ag breathnú go hálainn! 🎄🎅🏼
D’iarr muid ar gach páiste geansaí Nollag/hata na Nollag a chaitheamh agus €2 a thabhairt isteach don bhailiúchán a bhí againn ar son “Make a Wish” Foundation agus Focus Ireland. Bhailigh na páistí i nGaelscoil Dara níos mó ná €850 do na carthanais seo, maith sibh 👏🏻👏🏻😁

Chomh maith leis seo, thug na páistí go leor bia isteach don bhailiúcháin ar son Cumann Naomh Uinseann de Pól, bhí siad an-fhlaithiúil 👏🏻

Tá cúpla sampla den ealaín agus scríbhneoireacht Nollag a rinneamar le feiceáil sna pictiúir thíos freisin 🎅🏼🎄📝📸