Rang 3 ar Anfa! ⚡️☔️

Tá réaltaí teilifíse nua againn i nGaelscoil Dara! ⭐️🤩⭐️

I Márta 2023 nuair a bhí siad i Rang 2, chuaigh páistí Rang 3 chuig An Dubhlann i gcathair na Gaillimhe chun clár teilifíse nua d’arbh ainm ‘Anfa’ a thaifeadh le TG4.

Bhí lá den scoth ag na páistí agus anois tar éis míonna fada ag fanacht ar an gclár nua seo a fheiceáil bhí sé ar an gcainéal nua Cúla4 cúpla seachtain ó shin! 👏🏻📺 Bhí na páistí agus Anfa thar barr agus táimid ar fad an-bhródúil astu 🥳

Ní raibh cead againn pictiúr ar bith ón seit a roinnt go dtí go raibh Anfa ar an teilifís mar ba rún mór é an seit 🤫 ach seo iad anois 👏🏻📸

Ná bí buartha más rud é nach raibh deis agat féachaint ar Anfa ag an am mar tá sé le feicéail ag an nasc seo 😁🙌🏻

https://cula4.com/ga/seinn/anfa/S1E4