Scéala Dara 05/12/2011

                                                            5/12/2011

Nollaig faoi shéan agus faoi mhaise daoibh go léir

 

Crannchur na Nollag/Christmas Raffle

Tá na cártaí sna málaí inniu agus tá muid ag iarraidh na cártaí a fháil ar ais roimh Dé Déardaoin 15/12/2011, beidh an tarraingt á dhéanamh Dé hAoine 16/11/2011. Mar go bhfuil muid sa scoil nua anois tá muid ag iarraidh go ndéanfaidh gach clann dhá chárta nó ar a laghad cárta amháin a dhíol ar son na scoile.   Míle Buíochas!!!!

Coiste na dTuistí are sending home one card with 12 lines to each family for the annual raffle.  Tá costas €2 ar gach líne agus cárta = €20. We would appreciate it if you would have the tickets in before Thursday 15/12/2011, the draw will be held on Friday 16/12/2011. We have some lovely seller’s prizes for children who sell 3 or more cards. Lots of many lovely prizes to be won as can be seen on the cards. Many thanks to all our sponsors and Coiste na dTuistí for all their hard work.

As this is the Schools main fundraiser, and in the present climate with so many cutbacks in education, we ask you to please do you best to ask relations, neighbours, and colleagues etc. to support. Because we have moved into the new school this year and there are many extra costs associated with the move, we would ask that each family would do their best to sell two or more cards this year.  If you require more cards please do not hesitate to contact the office.  Go raibh maith agaibh.

 

 Oíche na n-iarscoláirí

Bhí Oíche na n-iarscoláirí againn ar Déardaoin 24/11/2011.  Tháinig rang a sé na bliana seo caite ar ais lena dtuismitheóirí le ceiliúradh a dhéanamh.  Bronnadh teastais (certificates) agus “An Fáinne” ar na daltaí agus bhí Tadhg Mac Dhonnagáin, ceoltóir, scríbhneoir,  i láthair mar aoí-chainteoir.

Ar an oíche freisin bronnadh páirt-scoláireacht Ghaeltachta €300 i gcuimhne ar Mháirín Ní Iarnáin, múinteoir sa scoil sna blianta tosaigh, ar Liam Béaltún (rang a 6, 2010),  urraithe ag Údarás na Gaeltachta. Tarraingíodh ainm Dara Ó Conaill (rang a 6, 2011) amach ar an oíche chomh maith don duais céanna.   Beidh na h-ainmneacha siúd greannta ar na sciath buan (perpetual shield).  Ár mbuíochas do Sheosamh ó hIarnáin deartháir Mháirín a bhronn an duais ar an oíche.

Ár mbuíochas do Choiste na dTuistí, Michelle Uí Chiarba an rúnaí scoile, múinteoirí agus cúntóirí riachtanais speisialta na scoile, a d’eagraigh an ócáid agus a chabhraigh ar an oíche, agus do rang a sé na bliana seo a chuir soláistí ar fáil dúinn.

Bhí an-oíche ann agus bhain gach duine an-taitneamh as.

 

 Cumann Naomh Uinseann de Pól/St.Vincent de Paul

UNollaig ba mhaith linn go ndéanfadh ár bpáistí macnamh orthu siúd nach bhfuil chomh maith as agus go ndéanfaidís rud beag chun cabhrú leo trí Chumann Naomh Uinseann de Pól.

In the approach to Christmas, we are encouraging the children to think of others who are less fortunate and people in need in our own locality.  With this in mind, the school are asking each child to bring in one food item which will be delivered to the St. Vincent de Paul society to distribute. Suitable items are:

Sugar, Tea, Coffee, Canned foods, such as Peas, Beans, Fruit, Soup, Tuna, Salmon, Rice, Pasta, Cereal, Jam, Marmalade, Chocolate spread, Biscuits, Crackers, Crisps, Selection Boxes, Sweets, Fizzy Drinks, Mi-Wadi Orange etc., (Please check best before dates) We hope to collect these items from the children on Monday12th and Tuesday13th of December, or they can be left into the class before then.

We thank you for your support.

 

Seó na Nollag/ Naíonáin agus Rang 1

Mar a bhíonn chuile bhliain beidh taispeántas beag ag na naíonán agus rang 1 do na tuismitheoirí. Beidh Seó na Nollag ar siúl ar Dé hAoine 16/12/2011 ag tosú ag 10.00r.n.  Míle bhuíochas do na múinteoirí ar fad a thug cabhair leis an seó.

As there is every year there will be a Christmas show performed by the Naíonáin and Rang 1. The shows will be on Friday 16/12/2011 starting at 10 a.m. Many thanks to the teachers involved with the preparations.

 

10.00r.n. Naíonán Beaga (Múinteoir Rút agus Múinteoir Clíodhna)

11.00r.n. Naíonán Mhóra (Múinteoir Marion agus Múinteoir Danielle)

12.00i.n. Rang 1 (Múinteoir Martina/Margo agus Múinteoir Róisín)

 

Comhbhrón

Ba mhaith leis an scoil comhbhrón a dhéanamh le Múinteoir Róisín (Rang 1) agus a clann. Cailleadh a máthair Dé Céadaoin seo caite, ar dheis Dé go raibh a hanam.

 

Cailleadh athair Sheán Uí Ghráinne (Iar-Phríomhoide na scoile seo) ag an deireadh seachtaine chomh maith. Ár gcomhbhrón le Seán agus a chlann, ar dheis Dé go raibh a anam.

 

 

Féilire na bliana (Calendar)

Saoire na Nollag: leath-lá Déardaoin 22/12/11 Páistí ag dul abhaile ag 12.00. Ar ais Dé Luain 09/01/12. 

Christmas holidays:  Half-day Thursday 22/12/11 Children going home at 12.00pm.  School re-opening on Monday 09/01/11.