Scríobh Leabhar

Thug Rang a 3 faoin dtionscnamh ‘Scríobh Leabhar’ i mbliana tar éis a bheith ag díriú isteach ar an seánra “insint” (narrative) sa rang. Lean na páistí na gnéithe atá sa stíl scríbhneoireachta seo chun an scéal a chumadh agus a scríobh – teideal, suíomh, fadhb/eachtra, réiteach agus críoch. Chuir siad an-iarracht isteach sna leabhair seo. Tá éacht bainte amach ag na páistí – maith sibh Rang a 3!