Tír le Teanga 2022

Nach againn a bhí an spraoi ar an Aoine an 18ú Samhain 2022!

D’eagraigh Rang a 6 an lá Tír le Teanga 2022 le meabhrú dúinn ar fad gur féidir linn spraoi agus spórt a bheith againn trí Ghaeilge amháin. Bhí cluichí cúigear-an-taobh, seachain an liathróid, rí/banríon an fháinne, cic píonóis agus dian ghreim againn ar an Astro, sa halla agus sa pháirc shúgartha. Thuas staighre, bhí seomra eolaíochta, seomra ealaíne, aghaidh phéinteáil, seomra cluichí, seó puipéad, tóraíocht na bhfocal agus comórtas damhsa ar fáil. Craoladh nuacht an lae, agallaimh agus ceol ar Raidió Ghlórtha Dara.

Táimid iontach bródúil as an mbealach ar iompar chuile pháiste iad féin ar an lá, ó na Naíonáin go Rang a 6.

Tá ard-mholadh tuillte ag Rang a 6 as an méid oibre agus ullmhúcháin a rinne siad, agus as ucht a gcuid cineáltais agus foighne ar an lá.

Buíochas freisin don fhoireann ar fad as ucht a gcuid tacaíochta, agus do Mhúinteoir Caoimhín a smaoinigh ar an bplean ar an gcéad dul síos.

Go mbeirimid beo ar an am seo arís.

Maith sibh Rang a 6!